Is éard atá i gceist leis an aiseipseas[1] ná easpa miocrorgánach ar an gcraiceann nó créacht. Is annamh a bhaintear an staid idéalach amach in obráidí máinliachta, ach déantar gach iarracht in obrádlanna í a bhaint amach. Caitear lámhainní is gúnaí steirilithe, steirilítear le teas nó ceimiceáin na dromchlaí, na hionstraimí, na táithíní cadáis, na bindealáin, agus baintear an t-aer truaillithe amach as an obrádlann an t-am ar fad, á athnuachan le haer steirilithe.[2]
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search